English Gaeilge
 
Cork and Kerry Place Names Survey
1. Cé sinne?
2. Cartlann Logainmneacha (na bailiúcháin)
3. Seoladh Logainmneacha Charraí
4. Cén Fáth gur fiú logainmneacha a bhailiú?
5. Cén saghas ainmneacha a bhailítear?
6. Suirbhé Logainmneacha Chathair
7. Teagmháil

1.Cé sinne?
Top of page
Bhunaigh an Dr. Éamon Lankford Suirbhé Logainmneacha Chorcaí in 1996 chun oidhreacht mhion-áitainmneacha Chorcaí a bhailiú agus a mhapú. Cuireadh Áitainmneacha Chiarraí ar bun in 2000 chun suirbhé den tsaghas céanna a chur i gcrích i gCiarraí. Bhí daoine ó Chorcaigh agus ó Chiarraí ar an gCoiste Stiúrtha agus ar an gCoiste Comhairle Ba gCorcaigh, a deineadh eagrú agus comh-ordnú na hoibre a bhain leis an dá suirbhé. Ag deireadh 2009 na millé bhí na ainmneacha bailithe agus mapaithe agus clúdach crua curtha ar os cionn 180 himleabhair agus bronnadh iad ar leabharlann an chontae i gCorcaigh agus i gCiarraí.

2. Cartlann Logainmneacha – na bailiúcháin
Top of page
Bhí bailiú agus mapú logainmneacha á thiomsú ag an Dr. Éamon Lankford ón mbliain 1976 i gContae Chorcaí. Tá 131 imleabhar ina bhfuil tagairtí do na logainmneacha seo anois i seilbh Leabharlann Chontae Chorcaí. Is é teideal an bhailiúcháin seo ná Cartlann Logainmneacha Chorcaí.
An Dr. Éamon Lankford, Stiúrthóir agus príomhbhailitheoir Logainmneacha Chorcaí.
Sheol Uachtarán na hÉireann Cartlann mhapaithe logainmneacha Chorcaí, 10ú lá de Mhí an Mheithimh, 2009
"THE PRESIDENT has paid tribute to a Cork toponymist and his team of researchers on their achievement of compiling the first mapped archive of placenames for any county in Ireland. President Mary McAleese said that the work of Dr Eamon Lankford and the 200-plus researchers who helped compile Logainmneacha Chorcaí or the Cork Place Names Survey was truly unique and represented a valuable archive for future generations".
Irish Times, 11/06/2009
Ag caint di ag láinseáil Chartlann Logainmneacha Chorcaí ar an deichiú lá de Mhí an Mheithimh, 2009, dúirt Uachtarán na hÉireann, Máire Nic Giolla Easpaig, an méid seo:
Brúigh anseo chun óráid an Uachtaráin a fheiscint

3. Seoladh Chartlann Logainmneacha Chiarraí
Top of page
Ba é Teach Mhucrois, Cill Áirne, Co. Chiarraí, an láthair do sheoladh Chartlann Logainmneacha Chiarraí agus b’é An tAire Pádraig Ó Ciardha TD (An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta), a sheol an Chartlann ag an ócáid sin.
An tAire Pádraig Ó Ciardha, Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, agus an Dr. Éamon Lankford, Stiúrthóir Suirbhé agus Cartlann Logainmneacha Chiarraí ag Teach Mucrois roimh seoladh Cartlann Logainmneacha Chiarraí, an 4ú lá de Mhí an Mheithimh, 2010.
Nuair a bhí an sprioc sroichte ag an Suirbhé agus an dá Chartlann Logainmneacha Contae cruthaithe deineadh in tionscnaimh seorr. Gan amhras tá na mílte logainmneacha fós gan bhailiú i gContae Chorcaí agus i gContae Chiarraí agus rachaidh siad in éag muna mbailítear iad. Faoi dhaoine eile atá, na logainmneacha sin a bhailiú.
Bronnadh teastas buíochais ar bhainisteoireacht FÁS (Réigiún an Iar-dheiscirt) maidir leis an gcabhair mhór a thugadar chun Cartlann Logainmneacha Chorcaí agus Cartlann Logainmneacha Chiarraí a chur i gcrích.
Ó chlé go deis: Ms. Patricia O’Mahony, Bainisteoir cúntach Seirbhísí an Phobail, FÁS, Réigiún an Iar-Dheiscirt, Donal Kerr, Stiúrthóír Réigiúnach, FÁS, Réigiún an Iar-Dheiscirt, An Dr. Éamon Lankford, Suirbhé Logainmneacha Chorcaí agus Chiarraí, Seán O’Sullivan, Bainisteoir Seirbhísí an Phobail, FÁS, Réigiún an Iar-Dheiscirt.
Tá teacht ag an bpobal ar 54 imleabhar logainmneacha, curtha le chéile ag Foireann Shuirbhé Logainmneacha Chiarraí (1999-2009), i Leabharlann Chontae Chiarraí, Tobar Muí Doire, Trá Lí, Co. Chiarraí. Maraon le himleabhair Shuirbhé Logainmneacha Chorcaí sa dá Chartlann (Cartlann Chorcaí agus Cartlann Chiarraí) tá boscaí ina bhfuil cáipéisí a bhaineann leis an suirbhé. Tá innéacs ag gabháil leo san. Cuireadh na cáipéisí seo le chéile le linn dúinn a bheith ag plé leis an Suirbhé seo ar fad. Baineann 160 desna boscaí le Cartlann Logainmneacha Chontae Chorcaí agus baineann 60 desna boscaí le Cartlann Logainmneacha Chiarraí. Tá liosta iomlán ag an Leabharlann den mhéid atá sna boscaí.
Some of the archive boxes of documentation titled Kerry Placenames Sources on view prior to the Launch of the Kerry Place Names Archive. The Placenames Sources Collection contains the original placename submissions received from the public, fieldwork notes by the Survey Team and other documentation on which the 54 bound volumes of the Kerry Place Names Archive are based.
A selection of volumes from the Kerry Place Names Survey exhibited at Muckross House prior to the launch of the Kerry Place Names Archive by Pat Carey, T.D., Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs.

4. Cén Fáth gur fiú logainmneacha a bhailiú?
Top of page
Baineann logainmneacha Gaelacha go dlúth le hoidhreacht na hÉireann cé go ndéantar dearmad orthu go minic. Is luachmhar an fhoinse eolais iad ar stair na tíre mar tugann siad míniú dúinn ar thírdhreach na tíre agus tugann siad léargas dúinn ar an gcaidreamh idir phobail agus an timpeallacht fhisiciúil thart timpeall orthu. Is féidir stair agus cultúr na mbailte fearainn, na bparóistí, na gcontaetha agus tíortha fiú amháin a thuiscint níos fearr ach staidéar a dhéanamh ar shanasaíocht na logainmneacha. Is féidir léirthuiscint a fháil ar mhacnamh, ar bhéaloideas, ar ghineolaíocht, ar chreideamh, ar shaol laethúil na ndaoine a bhíonn ag plé le tírdhreach áirithe ar gach leibhéal trí staidéar a dhéanamh ar logainmneacha. Is féidir le logainmneacha léargas a thabhairt dúinn ar aeráid, flóra agus ainmhithe na logainmneacha. Is dlúthchuid de fhéinaitheantas an pobail i mbailte agus faoin tuath, sna bailte fearainn agus sna sráideanna.

5. Cén saghas ainmneacha a bhailítear?
Top of page
Tá na hainmneacha go léir (i nGaeilge agus i mBéarla) a ghabhann le gnéithe cultúrtha agus gnéithe aiceanta i dtírdhreach na tuaithe agus a ghabhann leis an tírdhreach urbánach agus an seanchas a ghabhann leis na mionainmneacha i gcontae Chorcaí agus i gcontae Chiarraí bailithe agus a suíomh mapaithe. Cuirteardh ainmneacha páirceanna, cnoc, tobar, sruthán, carraigeacha, airde, fána, cuasach, loch, portach, cuas, lánaí, cros-bhóithre, teoranacha, fothrach, bóithre, cosán, etc. san áireamh na bhailiú. Bhí ainmneacha ag an gcuid is mó de na feirmeoirí ar gach páirc agus gach tréith, agus tá fós i gcásanna áirithe, agus tá cuid acu siúd imithe as úsáid i measc an phobail, dá dheasca sin tá práinn leis an mbailiúchán seo atá déanta.
The Cork Place Names Survey Team recorded 21 placenames at the location covered by the view shown in the photo.
Cuirladh ainmneacha a bhaineann le húinéireacht agus atá imithe as úsáid mar aon le hainmneacha a d’úsáidtí roimh chónasc na bpáirceanna san áireamh sa Suirbhé Logainmneacha. Tá sráidainmneacha agus ainmneacha nach bhfuil ar eolas ach ag beagán daoine nó ainmneacha a bhíonn in úsáid ag daoine óga chun cur síos ar áiteanna lógánta á mbailiú chomh maith leis an seanchas a bhaineann leis na háiteanna seo.
Is féidir leis an bpobal bailiúcháin logainmneacha nó liostaí logainmneacha, bíodh siad mapaithe nó gan a bheith mapaithe, a thabhairt don Chartlann ach scríobh chuig Roinn an Staidéir Áitiúil i Leabharlann Chontae Chorcaí, Carraig an Ruacháin, Co. Chorcaí nó Roinn an Staidéir Áitiúil i Leabharlann Chontae Chiarraí, Tobar Muí Doire, Trá Lí, Co. Chiarraí.

6. Suirbhé Logainmneacha Chathair Chorcaí, ReachtáLadh Suirbhé bailiú logainmneacha, gCathair Chorcaí luí
Top of page
Tugodh cuireadh do chach roimh cách cabhair a thabhairt logainmneacha a aithint agus a chaomhnú, is iad sin ná logainmneacha a bhaineann le gnéithe aiceanta nó gnéithe cultúrtha de chuid na timpeallachta i gCathair Chorcaí agus mórthimpeall na cathrach.
Cuirendh ainmneacha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla san áireamh sa Suirbhé mar aon le hainmneacha nach bhfuil i mbéal an phobail níos mó, ainmneacha a bhaineann le béarlagair na cathrach, leasainmneacha, ainmneacha sráideanna nach bhfuil in úsáid a thuilleadh, agus ainmneacha a bhaineann le gach saghas foirgnimh idir seanfhoirgnimh agus foirgnimh nua.
The National Monument. To the rear from left to right - Sully's (Quay School), Cork Club (now Bank of Scotland), the Bowfronts on Grand Parade (Sráid an Chapaill bhuí).
Samplaí desna hainmneacha a bhaineann leis na catagóirí thuas luaite is ea: Black Ash, Cáit Shea’s Lane, Murphy’s Farm, the Snotty Bridge, The Shaky Bridge, the Boggy Road, Tinker’s Cross, Skiddy’s Home agus na hainmneacha lógánta a bhaineann le tithe tábhairne agus le gach saghas áise maraon le hainmneacha áiteanna agus gnéithe go bhfuil comóradh á dhéanamh iontu ar dhaoine agus ar imeachtaí lógánta agus náisiúnta

Click on the street image to enlarge it.

Skiddy's Home on Bob and Joan's Walk, to the rear of former North Infirmary Hospital.
Téir i dteagmháil le Suirbhé Logainmneacha Chorcaí má tá eolas agat ar logainmneacha a bhaineann le do bhaile dúchais féin sa chathair nó thart timpeall na cathrach. B’fhéidir nach bhfuil an t-eolas áirithe seo ag éinne eile ach agat féin amháin agus ag do chlann. Más múinteoir tú nó más ceannaire pobail tú, déan iarracht a chur ina luí ar do chuid scoláirí nó comharsana béal dorais cé chomh tábhachtach agus atá sé 15 nóiméad a chaitheamh ag breacadh síos logainmneacha atá ar eolas acu agus á gcaomhnú don chéad ghlúin eile san iaracht. Cuirigí chugainn na hainmneacha sin tríd an bpost nó ar an idirlíon nó cuirigí glaoch teileafóin orainn. Beimid fíorbhuíoch daoibh.
Tá idir logainmneacha atá ar fáil i gcáipéisí agus logainmneacha atá ar fáil sa chaint amháín caomhnaithe sa suirbhé. Cuid desna foinsí logainmneacha is ea mapaí mar Pacata Hibernia (1585-1600) agus mapaí de chuid an tSuirbhé Ordanáis agus mapaí eile cosúil le Cork Past and Present maraon le logainmneacha a baineadh as cáipéisí stairiúla, as leabhair agus as irisí a bhaineann le Cathair Chorcaí.

7. Teagmháil
Top of page
Seo treoracha ginearálta maidir le logainmneacha a chur bhailiú faoinár mbráid:
  • Déan liosta desna logainmneacha agus tabhair uimhir dóíbh: 1, 2, 3, agus mar sin de. Más féidir déan amach mapa tú féin nó bain úsáid as mapa oifigiúil chun a thaispeáint cén áit ina bhfuil na háiteanna seo lonnaithe. (Bain úsáid as na huimhreacha céanna thuas luaite chun na logainmneacha a mhapú).
  • Is féidir leat cuntas a scríobh ar an áit ina bhfuil na logainmneacha suite mar shampla, seoladh na háite nó na tréithe atá i gceist agat i gcomparáid le tréithe eile sa chomharsanacht.
  • Abair cad tá i gceist le gach ainm mar shampla, páirc, cnoc, foirgneamh.
  • Cuir aon eolas breise leis faoi stair an ainm agus aon bhéaloideas a bhaineann leis.
  • Tá sé tábhachtach foinse de shaghas éigin a thabhairt maidir le bunús an ainm, mar shampla cad as don eolas atá agat.
  • Dá mhéid eolais a thugtar ar gach ainm sea is fearr.
Seol Pé edas atá ogat fooe logainmneacha Chorchai chuig bhairt dúinn
Cartlann Logainmneacha Chorcaí
Leabharlann an Chontae
Bóthar Charraig an Ruacháin
Corcaigh
r-phost: logainmneacha@gmail.com

Top of page
The public may at any time in the future submit placename collections or lists of placenames, mapped or unmapped to the Local Studies Unit at:

Cork Place Names Archive,
Cork County Library Building,
Cork County Library,
Carrigrohane Road,
Cork,
Ireland,
Email: corkcountylibrary@corkcoco.ie
Web: www.corkcoco.ie/library
Tel: +353 (0) 21 4546499
And
Kerry Place Names Archive,
Kerry County Library,
Moyderwell,
Tralee,
Co. Kerry,
Ireland.
Email: archive@kerrylibrary.ie
Web: www.kerrylibrary.ie
Tel: +353 (0) 66 7121200

Top of page