Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Carhoona, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
Is idir an Ardghort agus Comalán atá Ceathrúna suite. Síneann an 42 acra, 15 péirse atá san achar sin ó fharraige go farraige. Tá sé leagtha amach i gceithre ghabháltas le talamh maith méith ó thuaidh agus cnoc atá sa chuid is mó den bhaile fearainn ó dheas. Sa bhliain 1841, 47 duine a bhí lonnaithe ann, an líon is mó a bhí riamh. Bhí idir Dhrisceolaigh, Choileánaigh agus Mhathúnaigh ar an mbaile tráth ach dhá líontí, mórsheisear Drisceolach, a bhí ann i 1991. Mheas DSD gur iarsma é an t-ainm Ceathrúna ón roinnt a dhein an tiarna talaimh ar thalamh Chléire sa bhliain 1833 ADSD 48-50. Bhí leaganacha den ainm in úsáid i bhfad roimis sin áfach, e.g. 1655-59 Carhoone DSM, Karrunigh CI.


Townland Name variations


For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Carhoona are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

1614 Carhowe CPR. []
c. 1655-59 Carhoone DSM. []
1659 Karrunnigh CI. []
1832 Carhoona RW. []
1840 Ceathramhna, i.e. Quarters NB. []
1840 CarhooonaFair Plan, BSM, NB. []
1841 Carhoona SO I, 2. []
1918 Carhoona, ”Quarters” (subdivision of land) JPC 60. []
1938 Cearthrúna RBÉ 609:214. []
1940 Ceathrúna LSC 2, CFC 80. []
1940 Ceathramhna LSC 1. []
1970 Ceathrúna LSC 2. []
1976 Na Ceathrúna DSD. []
1975 Ceathrúna = Quarters MFC 134. []
1986 Ceathramhna – Quarters PHPNWC 36. []
2004 Ceathrúna OLCG. []

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Sources Description
1. An Rinn Ramhair Bheag DSD, An Rinn Ramhair RBÉ S 295:67
2. Pointe na Rinne Ramhaire DSD
3. Carraig na Rinne Ramhaire DSD Carraig sa bhfarraige gar don Rinn Ramhair.
4. Cnoc MCD
5-6. Futhar MCD Cf. Futhar C 27.
7. Cnoc MCD
8. An Mhalainn MCD Mullach nó barr an chnoic.
9. Corrán Thoir MCD
10. Corrán Thiar MCD
11. Cnoc Thiar MCD
12. Garraí Caol MCD Thógadh sé seo duine trasna na talún thar Thigh Chiarán Chiaráin agus i dtreo Loch an Chomaláin.
29. An Leaca DSD Leath-ardán atá ann.
30. Tigh Thadhgín Taidhgín M Uí D PÓD Tigh le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1860 Timothy Driscoll (Carpenter) VB. Mac le Tadhg an Táilliúra ba ea Tadhgín. Cf. (i) Tigh Theidí GL 57; (ii) Tigh Sheáin Curly Ca 85; (iii) Ó Drisceoil, Gort na Lobhar BGC.
31. Cnocán, Cnocán Thiar PÓD, DSD
32. Cnocán, Cnocán Thoir DSD
33. Garraí Mháire Óige SÓD, CD, BBC. DSD Garraí Mháire Óg ADSD 51. Ba chuimhin le DSD Taidhgín Máire Óg a bheith ansan. Drisceolach ba ea é.
34. Garraí na Cabhlaí . SÓD, CD, BCC
35. Garraí na Carraige SÓD, DSD, BCC
36. Garraí an Tobair SÓD, DSD, BCC
37. Gort na Cráite SÓD, BC Talamh garbh carraigreach ar deacair a oibriú.
38. Carraig Gort na Cráite SÓD, DSD, BCC, Garraí Gort na Cráite BCC, Garraí an Aitinn SÓD, DSD
39. Na Graifíní SÓD, DSD Talamh bainte nó rómhartha. Bhaintí an seithe nó an barr den talamh ann le grafán. Ghlaotaí talamh ghrafaidh air.
40. Garraí an Troim SÓD, DSD, BCC Garraí ina raibh crann troim ag fás. Bhíodh crann nó dhó ag daoine mar fhothain don tigh. Bheadh crann troim oiriúnach don ghnó. Ní raibh puinn crann ar an oileán riamh go dtí 1974-5 nuair a cuireadh 2,000 crann i nGort na Lobhar, crainn a raibh fás maith fúthu. Chuir Comharchumann Chléire Teo. 14,000 crann ar a chuid talaimh i Lios Ó Móine in 1988-89.
41. An Garraí SÓD, DSD
42-43. Cúilín SÓD, DSD, BCC
44. Cabhlach SÓD, DC Cf. Cabhlach C 89.
46. Garraí Laistíos den tSeomra SÓD
47. Páirc Mháire Chiaráin SÓD, M Uí D, DSD Measadh gur Drisceolach a bhí i Máire Chiaráin.
48. Poll Tobac SÓD, DSD Tá poll i bpáirc Mháire Chiaráin ina gcuireadh smuigléirí tobac agus earraí eile i dtaisce. Tá na fallaí sa ‘Pholl Tobac’ tógtha ar nós tigh nach mbeadh plastaráil déanta air. FD
49. Ceathrúna Íochtair
Ceathrúna Thoir
Ceathrúna Íochtair
Ceathrúna Íochtair Thiar
SÓD, DSD
BCC, M Uí D
SÓD, PÓD
SÓD, DSD
50. Ceathrúna Thiar BC
51. Gort an Tí PTD
52. Carraig PTD
53. Tigh Phádraig J. Ó Drisceoil PTD Tigh le Pádraig Ó Drisceoil, i.e. 1925 Patrick Driscoll VB. Mac le Jerh. Thaidhg Ó Drisceoil agus Siobhán Ní Choitir ba ea Pádraig J. Deartháir leis ba ea Tadhg (Timsey), athair P.T.Ó Drisceoil ( PTD), Gort na Lobhar. Mac eile le Jerh. Thaidhg ba ea Carey Jerh. a bhí pósta le Nóra Ní Shíocháin, Comalán Thuaidh agus ar mac leo Mícheál C. ( MCD). Cf. Ó Drisceoil, Gort na Lobhar BGC.
54. Páirc an Tobair PTD
55. Páirc Chuas an Tairbh PTD
56. Cuas an Tairbh PTD
57. Faill an Tairbh PTD, PÓD
58. An Bullán Mór MCD Carraig mhór chiorcalach atá ann. B’fhéidir go bhféadfaí a rá go bhfuil déanamh bulláin air. Is minic sa logainmníocht bullán tugtha ar charraig ar tír nó ar farraige.
59. Faill Chua, M Uí D, Faill Chuach, The cliff of the Cuckoo JPC 61, Faill Cua Béal., XI (I941), 27. DSD Thaistil an chéad bhád farantóireachta, bád rámhaíochta sé mhaide, ón áit seo go dtí Dún na Séad. Ba é príomhchalaphort tráchtála an oileáin é san am sin cé go raibh an iascaireacht bunaithe i dTrá Chiaráin. Dhiúltaigh an tiarna talún, Beecher, cead an cuan seo a fhorbairt toisc gurbh é Trá Chiaráin rogha na n-iascairí. Deirtear gur beag lá den bhliain nach bhféadfadh an bád farantóireachta freastal ar an oileán dá mbeadh Faill Chua in úsáid in ionad Trá Chiaráin DSD.
60. Cuas Faill Chua, Cuaisíní Fhaill Chua RBÉ S 295:23, Foilcoagh Bay SO Foilculg or Cuckoo Bay FPC. MCD Thaistil an chéad bhád farantóireachta, bád rámhaíochta sé mhaide, ón áit seo go dtí Dún na Séad. Ba é príomhchalaphort tráchtála an oileáin é san am sin cé go raibh an iascaireacht bunaithe i dTrá Chiaráin. Dhiúltaigh an tiarna talún, Beecher, cead an cuan seo a fhorbairt toisc gurbh é Trá Chiaráin rogha na n-iascairí. Deirtear gur beag lá den bhliain nach bhféadfadh an bád farantóireachta freastal ar an oileán dá mbeadh Faill Chua in úsáid in ionad Trá Chiaráin DSD.
61. Tráigh Faille Cua DSD, M Uí D CD Is ón áit seo a théadh na báid go léir ó Chléire chun margaidh roimh 1906. Tá iarsmaí seanché faoi uisce ann DSD.
62. Banc Faille Cua DSD CD Bhí teileagraf ag teacht go Cléire thart ar 1863 ó Dhún na Séad trí Inis Arcáin. Bhí cábla faoin uisce trasna an Bhealaigh ó Thráigh Chrú in Inis Arcáin go Faill Chua. Bhí an chéad pholla ina sheasamh ar bhanc Faille Cua, agus lean na cinn eile as sin go Tráigh Inbhir Mhóir, mar a raibh an Tigh Teilegrafa. Thánathas ar chuid den seanchábla teileagrafa in sna seachtóidí nuair a bhíothas ag gabháil do obair tógála taobh thiar den Seanthigh Teileagrafa in Inbhear. Tugadh an cábla aibhléise ón mórthír go Cléire an bealach céanna i 1996.
63. Páirc Faille Cua MCD CD
64. Róidín Faille Cua DSD, M Uí D CD Bóithrín beag chun na trá ag Faill Chua a bhí ann. Is bóthar nua-dhéanta atá anois ann mar ná raibh ann ach grinneall srútháin go dtí timpeall 1940. Bhí cúpla bóthar ann aon uair amháin ach tá siad titithe anois. Níl ach an t-aon bhóthar amháin ag dul síos ann anois. D’usáidtí iad, is dócha chun lóigh a tharrac aníos agus raic agus rudaí mar sin. Thugaidís an lóch aníos ar a ndrom i gcliabháin a bhíodh déanta de tuigí MCD. Cf. Lewis I, 249.
65-67. Garraí an Aitinn PTD CD Tá trí gharraí aitinn anseo. Barra do bha agus do chaoire ab ea an tAiteann Gallda.
68. Bollán na Gaoithe CD CD
69. Pointe Thaidhg an Táilliúra CD, DSD CD Ainmnithe ó Thadhg Ó Drisceoil, i.e. 1849 Timothy Driscoll HB. Bhí an forshloinne táilliúir ag gabháil le daoine anseo. Cf. (i) Garraí Thaidhg an Táilliúra A 6; (ii) DSD, IT. 12/03/1980.
70. Boilg Thomáis ED CD Ainmnithe ó Thomás Ó Mathúna, i.e. 1833 Thomas Mahony TAB. Tharlódh go raibh cearta lóch a bhaint anseo ag Tomás Ó Mathúna. Cf. (i) Dreapa Thomáis Ca 23, (ii) Cabhlach Thomáis Uí Mhathúna Ca 22.
71. An Latrach CD CD Latrach (pron. Latarach). Talamh garbh go mbíonn seisc agus uisce ann, opp. to mínleach DCC 69. Cf. An Latrach LM 210, An Latrach, talamh garbh, nó láthair éagothrom TCCD 76.
72. An Pháirc Mhór Íochtair CD, BCC. CD Tá méid acra inti agus is í an pháirc is mó ar an ngabháltas seo í BCC. Ar ghabháltas Chonchúir Uí Dhonnchú, Ardghort atá sí.
73-74. Na Páircíní CD CD Aon pháirc amháin anois í, ach dhá pháirc a bhí ann tráth.
75. Siar is Aniar CD, BCC. CD Páirc chearnógach í a dheintí a rómhar ar gach cuma, s’é sin dheintí na hiomairí soir is siar BCC.
76. Garraí Ghort Thoir CD, BCC. CD
77. Garraí Ghort Thiar CD CD
78. Na Graifíní CD, BCC. CD Cf. Gort an Ghrafaidh A 40.
79. An Cúilín Mór CD, Na Cúilíní BCC, An Garraí Mór BCC. CD Na Cúilíní a thugtaí ar uimh. 79 agus 80 le chéile. Dhá gharraí chluthair iad, An Cúilín Mór nó an Garraí Mór agus an Cúilín Beag nó an Garraí Beag. Páirceanna beaga iad na Cúilíní. Cf. Cúl Mór Ca 20.
80. An Cúilín Beag CD, Garraí Beag CD, BCC CD
81. Páirc na Cabhlaí CD, BCC. CD Cabhlach Nóra Fhinín a ghlaoití ar an seanthigh gan aon díon air a bhí suite sa pháirc seo. Drisceolach ba ea Nóra Finín.
82. Garraí Sheosaimh Uí Choileáin CD, M Uí D, BCC. CD Ardgoirt ar feadh tamaill as seo é ach díríodh ar an ngníomh a rinneadh chun iomaíocht a chur ar chúrsaí agus ar dhuine Eoin Baiste Ó Loinsigh a shuimí. Tá an ceann sin ann fós. Is Seosamh Ó Coileáin a bhain an dara iarracht sin. I bhfocal amháin, d’éirigh leis. Tá an Ghaelainn líofa aige, leabhair leis ar an nGaeilge scríofa aige, agus tá sé ar cheann de na cumainn sinsearachta i gCill Mhic Iarógáin. Dúirt sé liom gur fada ó bhí sé ina oifigeach áitiúil nuair a sheas sé ar chúrsaí an chonartha agus nach mór seachtó bliain a bheidh aige anois, ach nach bhfeicfidh mé ina bheatha é. Is cás maith le cur san áireamh. BCC. Cd. 1857–59 an príomh-iomarcaí a bhí ann. Cf. Suibhne I, 243–244.
83. Garraí Chúirt a’ Mhóna CD, BCC. CD Bhí ann tinte troma tine, tarraingíodh talamh le héanacháin, etc. (Níor mhair ná ceachtar de na daoine a bhí ann ach cúpla lá deireadh seachtaine.) Sa Mhainistir níor mhainistreach é.
83. Bóithrín Chuas an Tairbh DSD PC

NHC 35
Tá rian bóithrín ag dul síos ann ach tá an chuid is mó de tite isteach sa bhfarraige anois.
84. Tigh Joe Taedy DSD, M Uí D, PÓD PC

NHC 35
Tigh Sheosaimh Uí Dhrisceoil, mac Thaidhg, i.e. 1905 Joe F. Driscoll VB.
85. Tigh Sheáin Curly DSD PC

NHC 35
Tigh le Seán Ó Drisceoil, mac Sheáin Curly. Mac le Tadhg an Táilliúra, Gort na Lobhar ba ea Curly Cf. (i) Garraí Thaidhg an Táilliúra A 6; (ii) Tigh Julia GL 11. Bhí mac le Curly, Pat Curly, pósta le Nóra Ní Dhálaigh. Seachtar clainne a bhí orthu: Connie, Mícheál, Margaret, Tadhg nó Teidí a chónaigh i nGort na Lobhar Cf. Tigh Theidí GL 57. Mary a phós Danny Leonard, Baile Iarthach, Nóra agus Seán (1912-1970). Phós Seán Máire Ní Drisceoil (d’éag 1986), Cill Leice Fórabháin. Mac leo ‘sea Seán Curly. Cf. Ó Drisceoil, Ceathrúna BGC.
86. An Garraithín ND, DSD PC

NHC 35
Táim siúrálta gur ‘garbhín’ atá ansan DSD.
87. Lár na Cúlach DSD PC

NHC 35
Táthar in amhras faoin a shuíomh. Tharlódh go bhfuil sé níos cóngaraí do Inis Earcáin [Cf. Faill Chua Ca 59].
88. Tobar na gCnámh PB, Tobar na gCnáite PB PC

NHC 35
Táthar in amhras faoin a shuíomh.
Tigh Thaidhgín Taidhgín (Ó Drisceoil)
Tigh Thomáis (Ó Mathúna), built c. 1820, has a rock floor.
Tigh Thaidhgín Taidhgín (Ó Drisceoil)
Tigh Thomáis (Ó Mathúna), built c. 1820, has a rock floor.