Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Killickaforavane, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
Is cosúil go bhfuil an baile fearainn seo, Cill Leice Forabháin, ainmnithe as an gCill atá sa pháirc díreach ag an gCrois, geall leis. Tharlódh go raibh leac in onóir do dhuine den ainm Forabhán le fáil sa Chill anseo tráth.

Cill Lic-a-Fórbháin. Cad as a ainm? Nó an féidir gur Cill Mhic Éirmhóin a bheadh ann? Bhí an t-ainm sin “Éirmhóin” fairsing i gCléire tráth i measc na nDrisceolach. Is de shliocht Mac Choin Mhic Éireamhóin dhá theaghlach ar an mbaile seo fós – ach ní théann an gaol sin i bhfad siar. Trí theaghlach ar fad atá ar an mbaile seo anois. Tá páirc ann ar a dtugtar an Chill – as a hainmníodh an baile. Is dócha gur ón bpáirc sin a fuair an baile an t-ainm Cill-Leic-a fóramháin DSD.


Townland Name variations


For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Killickaforavane are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

1832 North Balleragh RW []
1607 Killvickedare CPR []
c. 1655-59 Kilmickeafowroane DSM
Killnickafonroane DST
Killnick = a = Fon = Roane DST
[]
1659 Knocnyhoreuen C1 []
c. 1670 Killnick = afon = roane, Killuicka fon – roane BSD []
1833 Killokaforavane TAB []
1840 KillickaforovaenFair Plan
Killickaforovaun BSR, BSM
Killickaforavane, Rental NB
Killuckvforouvane, Rev.John Noonan NB
Killicklaforavune, Tithe Ledger NB
Killickforovane, 1840 Recpt. of Rent NB
Cill Mic Forabháin, Mac Forovan’s Church (‘Coill’ or ‘Wood’) NB
Cill nó Coill Maca Fórbháin NB
[]
1841 Killicka – Foravane SO []
1846 Killacaforavane CRB []
1866 Killickforvane CRB []
1872 Killick CRB []
1881 K. Foravawn CRB []
1883 Killickaforevane CRB []
1902 Lick CRB []
1915 Killuicka – Fon-Roane TJW 252
Killickaforavane JPC 60
[]
1938 Cill – Leic – Aforamháin, CÓS RBÉ 609:216 []
1938 Cill – ic – Afóramháin, CÓS RBÉ 609:214 []
1938 Cill Leice Fórabháin RBÉ 609:291-2. CFC 81, 87 []
1940 Cill Lice Fórabháin LSC 1 []
1970 Cill Leice Fórabháin LSC 2 []
1973 Killickaforavane, Old Burial Ground NHC 33 []
1986 Cill Lice Furodhrain – Church of the flat patch of St. Furodhran PHPNWC 36 []
2004 Cill Leice Fórabháin OLCG []

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Sources Description
1. Páirc Thiar, Garraí Mháire Phíolóit FD

ED
Thugtaí Garraí Mháire Phíolóit air chomh maith. Drisceolaigh ba ea na píolóitigh. Máire Drisceoil ba ea Máire Phíolóit.
2. Páirc Thoir FD
3. Páirc an Tí FD
4. Garraí na Cruaiche, Garraí Chonchúir, Garraí Beag Ceann an Tí FD, FD Thugtaí Garraí Chonchúir nó Garraí Beag Ceann an Tí ar an mball chomh maith. Ní rabhthas cinnte cér díobh Conchúr. Luann an Valuation Book, Cornelius Fohill a bheith lonnaithe anseo sa bhliain 1875. Tá cuid den pháirc seo ag síneadh isteach i nGort na Lobhar.
5. Leaca Ceann an Tí FD
6. An Garraí Nua, An Chill, Kiel FPC, Children’s Burial Ground SO 153 (6”), 1841, 1901. FD Is cuid den seanchill é seo FD. Thánthas ar cheithre uaigh folamha,a bhí deich faoi thrí troigh, san áit seo sa bhliain 1962. Bhí fallaí mairtéil ar na huaigheanna agus leaca orthu. Deirtear gur págánaigh a fuair bás le fiabhras a bhí curtha iontu. Ní raibh iontu nuair a osclaíodh iad ach sórt púdair buí. Bhí na huaigheanna ó dheas agus ó thuaidh. Bhí cairn clocha trá ann agus cré mhín gan clocha fé sin. Bhí pisreoga ag muintir na háite nár cheart bacadh leis na huaigheanna seo. Réitíodh garraí nua ar an láthair agus fágadh na huaigheanna mar a bhíodar FD.
7. Garraí Ceann an Tí FD Tá tobar fíoruisce ann. Ba ag Fínín Ó Drisceoil a bhí sé i 1976.
8. Latrach FD, TÓS
9. Leaca an Chnoic Thoir FD
10. Leaca an Chnoic Thiar FD
11. Cnoc Caraintín, Cnoc Coraintín DSD, CDG S’é an cnoc is airde ar an oileán é le 553’. Quarantine Hill on Cape Clear (a hill of 553’ on O.S. 153) was possibly a lookout station for the port of quarantine, Fr. J. Coombes, Baltimore as a Port of Quarantine, Seanchas Chairbre 2 (1983),30. Cf. (i) Quarantine Island (NE of Sherkin) and Quarantine Hill, Dinn., 1, uimh. 2 (1964), 55-56; (ii) Quarantine Hill (Cnoc Coraintín), nóta 1, MFC 158.
Is ar an mbaile seo atá an cnoc is aoirde i gCléire. Is é an ainm atá ar an gcnoc so ná “Cnoc-Carn-Tinn”. Tá leachtán mór cloch ar bharr an chnoic seo. Deir siad go mbíodh tine á lasadh ar bharr a chnoic, ag déanamh chomharthaí le áiteanna eile ar fuaid na tíre. CÓS RBÉ 609:216.
S’é an cnoc is aoirde ar an Oiléan é agus tá Carn ar mhullach an chnoic. Deirtear gur troideadh Cath Mór ar an gcnoc seo agus gur thit taoiseach cáiliúil, s’é sin Tonn agus gur ann a cuireadh é. Is ann a cuireadh Suibhne Gealt, más fíor don seanchas [DSD].
Buaileadh cath mór ar an gcnoc san fadó agus thit taoiseach sa chath. Cuireadh i mullach an chnoic é agus an carn cloch san anuas air. Tonn ab ainm dó, agus is as san a tugadh Cnoc Charn Toinn ar an gcnoc so SC 100.
12. Cairn FD Tá seans ann go mbaineann an carn seo le haois an chré-umha (2,000 R.Ch.-500 R.Ch.) agus go mb’fhéidir gurbh ionad adhlactha a bhí ann. Fuarthas ábhar adhlactha idir chréamtha agus neamhchréamtha ó aois an chré-umha i lár charn eile den saghas seo ar Chléire. Baineadh an-chuid de chlocha an chairn ón láthair seo mar ábhar tógála fallaí sna goirt timpeall is dócha. Is cosúil gur thóg lucht Suirbhé an carn beag ar an dtaobh thuaidh den seancheann san aois seo caite. Tá sé suite ar an bpointe is airde san oileán. Bíodh go bhfuil an chuma ar an scéal gur tógadh an carn atá ar Chnoc Cairntín le déanaí, féachann sé go raibh na clocha ar an suíomh cheana féin agus tharlódh go raibh siad seo mar chuid d’uaigh mheigiliteach nó uaigh phasáiste SAC.
13. Garraí an Chnoic PCD
14. Leaca an Bhóthair, Leacain an Bhóthair PCD, FD
15. Garraí Beag an Bhóthair FD
16. Garraí Eoin Mhóir (Uí Dhálaigh) PCD Garraí le hEoin Ó Dálaigh, i.e. 1833 Eugene Daly TAB; 1849 Owen Daly HB. Cf. Tigh Eoin GL 38; Ó Dálaigh, Ardghort BGC.
17. Currach Beag Theas MÓD
18. Garraí Caol PCD
19. Garraí Éirí na Gréine PCD
20. Éirí na Gréine DSD, The Rising Sun DSD An Rising Sun a bhí baistithe ar shíbín a bhí anseo ag Ciarán Ó Síocháin DSD. Bhí ceadúnas díolta biotáile in ainm Patrick Sheehan sa bhliain 1907. Jermiah Sheehan a bhí lonnaithe ann i 1909-22. Ciarán Ó Síocháin a bhí i mbun tábhairne ó 1950 go dtí gur dhún sé an áit sna seascaidí. Cailleadh Ciarán i gCorcaigh i 1969. Thugtaí Carey Jerry ar Chiarán Ó Síocháin. Mac le Diarmaid Ó Síocháin agus Máire (Phol) Ní Drisceoil ba ea é. Chaith sé blianta fada ina bhailitheoir béaloideasa i gCléire do Choimisiún Béaloideas Éireann. Tá breis agus 2,000 leathanach uaidh i dtaisce i gCartlann Roinn Béaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Cúrsaí iascaireachta is mó atá faoi chaibidil san ábhar. Uncail dó ba ea Conchubhar Ó Síocháin, údar Seanchas Chléire. Tá an bord cistine ar a dhein Ciarán mórán dá shaothar béaloideasa a scríobh ar bhuantaispeáint in Iarsmalann Chléire.
21. An Latrach PCD
22. Gort an Tí Theas PCD
23. An Leaca PCD
24. Garraí an Chlóbhair PCD
25. Laistiar den Phóna PCD, An Póna Thiar PCD
26. An Póna Thoir PCD
27. An Bán PCD PCD Bán: Chaitheadh fear na rámhainne tosnú ar an mbán a rómhar díreach le sála na Nollag. Ba mhór an obair d’éinne amháin leathacra nó trí ceathrúna báin a iompáil lena rámhainn; agus bhíodh iarmhar a dhóthain uaireannta air. Chomhairídís, an té ná beadh deireadh na bprátaí curtha aige an chéad choicíos den mhárta, go mbeadh sé iarmharach as san amach. Cf. SC 17.
28. Gort an Tí Thuaidh PCD
29. Currach Láir PCD
30. An Currach Mór PCD
31. An Cuaidí TR, DSD Bhí an t-ainm seo ag TR, DSD, MÓD agus PCD ach níor nochtadh aon tuairim faoi cad uaidh a ainmníodh. Cf. DSD, IT. 16|9|1981. Tagraítear do Sprid an Chuaidí sa bhéaloideas.
32. Garraí Bhuachaillí PCD Áit ina mbíodh daoine ag teacht le chéile. Cf. Cnocán na mBuachaillí BID 97; BIT167.
33. Garraí Pheig PCD Garraí Pheig Ní Dhálaigh, i.e. 1879 Margaret Daly VB Cf. (i) Tigh Neill GL 38, (ii) Ó Dálaigh, Ardghort BGC.
34. An Cuar ED, DSD, IT. 3/2/1982 Cuar, crooked, round, circular, hollow FGD. Cf. An Cuar GM 8; CB 21. Dá mbeadh an lá breá don am den mbliain, ní dóichí ball a chífí gasra ná ar bharr cnoic nó cúir. Bhí na hionadacha úd forleathan againn. Tá siad fós againn ach ní fheicfí duine beo ar aon láthair díobh anois ag suí, ag seasamh, ná ag rástáil. Ba cúr nó carraig gnáthainm a leithéid d’áit. Tá cúr i gCill Lice Fórabháin againn agus cúr sa Ghleann nó ar an nGleann againn os cionn chuain Inbhir agus ba ar na hardaibh úd do bhailíodh daoine ADSD 58.
35. An Chill, An Garraí Nua, Cill Leice Fórabháin. Kill (Burial ground for children), Kiel FPC, Kill (Children´s Burial Ground) CAW 35. PCD, DSD, CFC 87, RBÉ 609:291-2, SO 1 Áit ab ea é ina gcuirtí leanaí nach mbíodh baistithe. The area is called Keels by the inhabitants. There has been no person interred in these lately, and can hardly be distinguished from the surrounding fields MEM SO 440. Téarma an-choitianta i logainmníocht na hÉireann agus na hAlban ‘sea Cill. Tá sé cinn de chilleanna i gCléire. I gCo. Chorcaí tá 313 ainmneacha bailte fearainn a bhfuil ‘Cill’ ina príomheilimint iontu Cf. TDC 43-47.
36. An Chrois, Crosaire Aindí, Cruis Aind DSD, CÓS RBÉ 609:220 Ainmnithe ó Aindréas Mac Cárthaigh a raibh tigh anseo aige sa bhliain 1853. Luaitear sa GV tigh i gCill Leice Fórabháin i seilbh Andrew McCarthy. Ní foláir nó gur uaidh a ainmníodh Garraí Aindí CLF 42, agus Cruis Aindí CLF 36. Cros na gCeithre Rian a thugtar air in Seanchas Chléire. Téann an bóthar soir go Cuas an Dúglais, an bóthar siar go Cuan Thráigh Chiaráin, an bóthar ó dheas go Cuan Inbhir agus an bóthar ó thuaidh go Tráigh Faille Cua. Is in aimsir an Ghorta a deineadh na bóithre seo.
37. Tigh na Croise, Cross House, Tigh Tommy Regan, Tigh Thaidhg an Mhadra, (i.e. Tigh le Tadhg Ó Riagáin) DSD, TR, BC Deartháireacha ba ea Conchúr Ó Riagáin, Lios Ó Móine agus Tadhg Ó Riogáin, Tigh na Croise. Thugtaí Tadhg an Mhadra mar leasainm ar Thadhg, toisc é bheith beagán crosta. Athair Tommy Regan ba ea an Tadhg seo. Athair Helena Bean Uí Shúilleabháin (HB) ba ea Conchúr nó Con Regan mar a b’fhearr aithne air. Bhí iníon eile le Con pósta i mBoston le Tadhg Shéamais Ó Drisceoil ón gComalán. Cf. (i) Ó Riagáin, Lios Ó Móine BGC (ii) Ó Drisceoil, Comalán BGC.
38. Garraí an Tóibín, Garraí Sheáin Tóibín TR B’as Port Láirge do Mhuintir Tóibín. Cf. (i) Poll Mháire Tóibín C 19; (ii) Sasanaigh ADSD 72-73.
39. Tigh Sheáin Tóibín TR Ní ann don tigh a thuilleadh.
40. Leacain, An Leaca TR, DSD
41. Garraí Beag TR
42. Garraí Aindí TR, DSD Garraí le hAindí Mac Cárthaigh, i.e. 1853 Andrew McCarthy GV.
43. Gort an Tí, Garraí an Tí TR, ED
44. Garraí an Aitinn TR
45. Cuaidí TR
46. An Seamhain Leacain MMD An bhféadfadh gur tagairt do aoibhneas na háite atá san ainm. Cf. Seamhnach, pleasant FGD. FGD.
47. Gort Iarthach MMD
48. Garraí Mháire Ní Mhuirthile, MÓD MMD Máire Ní Mhuirthile, i.e. 1853 Mary Hurley GV. Cf. Síbín Mháire Ní Mhuirthile GL 33.
49. Drom an Ghoirt MMD
50. Garraí na dTrí Teorann MMD
51. Tobar na dTrí Teorann, TÓS. Cf. Uisce na dtrí teorann CFC 124-5. MMD Tagann trí theorainn le chéile in uachtar an bhaile seo. Chreidtí tráth go raibh buanna in aghaidh an fhuadaigh in uisce na dtrí dteorann [DSD].
52. Baile i bhFad Éireann MMD Páirc atá i bhfad ar shiúl ó thigh an úinéara.
53. Garraí Theidí MMD Garraí le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1853 Thadeus Driscoll GV. Ní hé an buachaill a chaithfeadh síoda í an Teach Mhór ach an bhean mhóir a bhíodh i gcónaí i gceannach an fheirmeora ADSD 32.
54. Garraí na nGabhann MMD
55. Tigh Eointí MMD Tigh le hEoin Ó Dálaigh, i.e. 1849 Owen Daly HB, 1894 Owen Daly VB.
56. An Charraig Mhór, DSD MMD
57. Tigh Mhichíl Uí Dhálaigh DSD Tigh Mikey Daly, i.e. 1972 Mícheál Ó Dálaigh VB.
58. Tigh Mac Con Ó Drisceoil, Tigh Phaddy Carey DSD Tigh le Miocan Mór Ó Drisceoil, i.e. 1905 McCon Driscoll VB. Tigh Phaddy Carey Ó Drisceoil, i.e. 1964 Pádraig Ó Drisceoil VB. Mac le Ciarán Ó Drisceoil, i.e. 1919 K. Driscoll VB, agus Katie (Mháire Gós) Ní Drisceoil, Cnocán na mBairneach ‘sea Paddy Carey. Miocan Mór Ó Drisceoil a shean-athair agus Máire Ní Dhálaigh a sheanmháthair ar thaobh a athar. Deirfiúr le Paddy Carey ba ea Máire a bhí pósta le Seán Curly Ó Drisceoil, Ceathrúna. Cf. (i) Ó Drisceoil, Cill Leice Fórabháin BGC, (ii) Tigh Sheáin Curly Ca 85.
59. Na Muilte Gaoithe MJC Cuireadh muilte gaoithe in airde ar Chnoc Cairntín i 1986 mar chuid de thaighde a bhí ar siúl ag an am faoi chórais fuinnimh do phobail bheaga.
60. Tobar an Airgid JC Táthar beagán in amhras faoin a shuíomh ceart.
61. Tigh Leoil, Tigh Finín JC, CDG Tigh le Finín Ó Drisceoil. Forshloinne atá i Leoil. Tugtar Conchúr Leoil ar mhac le Finín Leoil Ó Drisceoil. Chónaigh Conchúr Leoil sa Ghleann (d’éag 2004) agus tá cónaí ar Mhicheál Leoil i dTigh Mháire Éireamhóin ó 1989, i.e. Tigh Mhike Mháire Mhiocain Óig, i nGort na Lobhar.
Tigh Mac Con Ó Drisceoil  Tigh Paddy 'Carey' (Ó Drisceoil)
Tigh Mac Con Ó Drisceoil  Tigh Paddy 'Carey' (Ó Drisceoil)
Tigh Mac Con Ó Drisceoil  Tigh Paddy 'Carey' (Ó Drisceoil)
Tigh Mac Con Ó Drisceoil  Tigh Paddy 'Carey' (Ó Drisceoil)