Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Knockanacohig, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
Síneann Cnocán an Choimhthígh ón gCuan, soir go teorainn Lios Ó Móine agus gabhann an bóthar mór soir trín a lár, suas an Leaca Mhór chomh fada le bun Chnoc an Phréacháin. Tá an talamh cuíosach maith leath’s tuaidh den bhóthar ach is cnoc a formhór leathteas. 62 acra, 33 péirse roinnte i dtrí ghabháltas atá in achar an bhaile fearainn. Tá seasca bliain, geall leis, ó chónaigh duine ar an mbaile. Luann Daonáireamh 1841, go raibh buanchónaí ar 36 duine ann, líon a bhí titithe go seisear faoi 1891. Bhí Mathúnaigh ann go dtí thart ar 1862 agus is uathu atá ainmniú déanta ar Chabhlach Dhonncha Uí Mhathúna. Leath ‘s teas den Leaca Mhór tá lorg chladaigh agus tithe beaga. Bhí Donabhánaigh ann tráth. Bhí Riagánaigh ar an mbaile, leis, go dtí 1940 mar a bhfuil Tigh Sheáin Rua DSD.


Townland Name variations


For the purposes of the Cork Place Name Survey, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork townland. Those for the Townland of Knockanacohig are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

Year Name Additional Info
1655-59 Knockanakehig DSM, DST. []
1659 Knockaneny Kuhige CI. []
1670 Knockanakehig BSD. []
1832 Cunacawnaheig RW. []
1833 Knockankiihig TAB. []
1840 Knockanihehig FPC, BSR, BSM.
Knockanihiheg Rental NB.
Knockanachiheg (?) Rev. John Noonan NB.
Knockaun a Chuhig (?) Tythe Ledger NB.
Knuckunihihig NB.
Knockanakehig NB.
Cnocán Uí Chobthaigh, O’Cohig’s Hillock, Cnocán a’ Cothaigh NB.
[]
1841 Knockanacohig SO. []
1846 Knockeechig, Knuckheechig CRB. []
1853 K’geehig CRB.
Knockanakeehig CRB.
[]
1854 Kn.geehig CRB.
Kn.Guhig CRB.
[]
1918 Cnocán a’ Chaoithigh (?), the Hillock of the Stranger, or perhaps O’Cohig’s little Hill JPC 60. []
1938 Cnoc a’ Craoidhthig RBÉ S 295:55. []
1940 Cnocán an Chaoithigh LSC 1. []
1970 Cnocán an Choimhthígh LSC 2, CFC 81. []
1975 Cnocán an Chaoithigh = Hillock of the Stranger or Foreigner or Hillock of O’ Cowhig MFC 134. []
1976 Cnocán an Choimthígh PC []
1986 Cnocán a’ Choimhthigh, Hillock of the foreigner or stranger PHPNWC 35. []
2004 Cnocán an Choimhthigh OLCG. []

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork Place Name Survey Archives at Cork County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Sources Description
1. An Leaca Mhór DSD, MÓD Tugadh Cnoc na Leacaine Móire leis, ar an gcnoc géar ard carraigeach seo
2. Bun na Leacan PC PC Bun an chnoic mar a bhfuil bóthar ag dul ó Thrá Chiaráin go Cnoc an Phréacháin.
3. Bóthar na Leacaine Móire, Bóthar an tSéipéil SC 114. DSD Bóthar ard ghéar atá ann a ghabhann soir go dtí an Séipéal agus Iarsmalann Chléire.
4. Barr na Leacan, Barr na Leacaine Móire. DSD, CÓS RBÉ 609:217 Ag barr na Leacan, tá inse ghlas bháin ar thaobh na láimhe clé laistigh den chlaí agus deirtear gurb ann a rugadh agus a beathaíodh Ciarán Naofa. Cf. SC 114.
5. Cnocán an Choimhthígh PC, DSD Treibh de chuid Chorca Laidhe ba ea na Cobhthaigh a shíolraigh ó Lughaidh Mac Con, Ard Rí Éireann, 225 AD. Bhí na Cobhthaigh lonnaithe ar chósta Chorcaí gar do Cloich na Caoillte mar a raibh caisleáin acu ag Dún Uabhair, Dúinín, Dún Déide, Dún Uí Chobhthaigh, Dún Eoin, Dún Uí Mhuirthile agus Dún Guairle. Cf. Misc., 4, 9, The Castles of County Cork, 249-260. Caoimhtheach – duine caoimhtheach, duine ná déanfadh puinn caidrimh ná muintearas le h-aoinne is ea duine caoimhtheach. B’fhéidir go raibh caoimhtheach nó dí-threabhach in áit éigin ann fadó agus gur uaidh a h-ainmníodh DSD.
6. Garraí Dhonncha Uí Mhathúna PC Ba le Donncha Ó Mathúna an garraí seo, i.e. 1853 Denis Mahony GV.
7. Dreapa Dhonncha Uí Mhathúna DSD Ainmnithe ó Dhonncha Ó Mathúna, i.e. 1862 Denis Mahony GV. Tá rian an dreapaigh seo le feiscint go ard sa chlaí ar chliathán an bhóthair agus cúpla troigh airde falla os a chionn mar a cuireadh clocha ó Chabhlach Dhonncha Uí Mhathúna. Lena chois sin, chuir tógáil Bhóthar an tSéipéil le hairde an dreapaigh sa chlaí teorann, rud a d’fhág deich dtroigh os cionn leibhéal an bhóthair inniu é DSD.
8. Cabhlach Dhonncha Uí Mhathúna DSD Sheas tigh le Donncha Ó Mathúna anseo tráth, i.e. 1853 Denis Mahony GV. Baineadh anuas an cabhlach agus cuireadh a chuid cloch ag tógáil na gclathacha atá timpeall ar Gharraí Dhonncha Uí Mhathúna. Ba é an tAth. Henry Leader Sagart Paróiste na Rátha a chéadphléigh cás Chléire leis an mBanbharúin Burdett-Coutts nuair a bhuail gátar an t-oileán sa bhliain 1862. Thug sí cúnamh airgid agus cuireadh roinnt clanna de chuid Chléire agus Inis Earcáin anonn go Meiriceá. Bhí Donncha Ó Mathúna agus a chlann ar chuid den dream a d’ardaigh a seolta leo an uair úd DSD.
9. Dreapa an Bhóthair Láir DSD Tá an dreapa ar chliathán Bhóthar an tSéipéil. Níl sa Bhóthar Láir ón ndreapa ach casán coise ag rith tré pháirceanna agus ardáin tíre go mbaineann sé Ceann an Bhóthair Láir amach DSD.
10. Páirc Uí Mhathúna PC Páirc le Donncha Ó Mathúna, i.e. 1854 Denis Mahony, Kn.Guhig CRB.
11. Leacain Gort Thoir PC
12. Leacain Gort Thiar PC
13. Tigh Sheáin Mór PC i.e. 1911 John Regan VB.
Tigh Sheáin Rua, i.e. Tigh le Seán Mór Ó Riagáin. Fuair Seán Rua bás i 1931 in aois a seachtó bliain. Bhí leasdeartháireacha aige i Meiriceá DSD.
Tigh Chiaráin na Struma DSD
Tigh le Ciarán Ó Riagáin, i.e. 1849 Kieran Regan FBC, 1881 VB.
Tigh Liam na Struma DSD
Thugtaí Liam Rua, leis, ar Liam na Struma. Riagánaigh ba ea muintir na Struma. Leasainm ba ea struma PC
14. Tigh Dhónail Óig PC
15. Gort an Tí PC
16. An Currach PC
17. Goirtín na Cíorach PC
18. Gort an Tí PC
19. Garraí Sheáin Spáinnigh PC Tugadh Na Spáinnigh ar na Cochlánaigh mar fhorshloinne. Tá Carraig Sheáin Spáinne sa bhfarraige amach ó bhaile fearainn an Chomaláin.
20. Goirtín Rua PC
21. An Pháirc Nua PC
22. Cabhlach Bheit, Bett’s Old House PC, BC Chónaigh Bet nó Betty Whelan anseo. Ba de bhunaibh Phort Láirge Faolánaigh Chléire.
23. An Bhinn PC Dúrthas go raibh déanamh na faille seo ar nós binn tí.
24. An Bhinn Iarthach PC Ball maith chun iascach slaite do dhéanamh PC.
25. Faill na Binne PC Fuarthas an tslinn don séipéal a tógadh sa bhliain 1839 i Lios Ó Móine i mball go dtugtar Faill na Binne air, agus do fuarthas tuilleadh dhi isteach ó Inis Arcáin.
26. Faill na Binne Bige DSD Tá rinn talaimh ag gobadh amach ann DSD.
27. Mionnán na gCaillí, Mionnán na Caillí PC, LDF Carraig an-mhór suite ag Béal Chuan Trá Chiaráin atá nasctha le talamh an oileáin. Tá an téarma mionnán coitianta sa logainmníocht. Mionnán is ea gabhar óg. Is ionann cailleach agus bean feasa. B’fhéidir go dtagann an t-ainm ón déanamh atá air DSD.
28. Rabha Mhionnán na gCaillí PC c. 1938 Rabha Mhionnán na gCaillí, CÓS RBÉ 742:327
29. Faill na nUan PC
30. Lic na nUan PC
31. Cnoc an Phúca PC 1938 Cnoc an Phúca RBÉ S 295:44
1938 Cnoc Phuill an Phúca, CÓS RBÉ 609:217
1990 Cnoc Phoill an Phúca CFC (1990), 62
32. Poll an Phúca PC
33. An Comar PC 1908 Cummer, a ravine, valley or meeting place JMB (1908), 122
1918 Cummer, Cumar, a ravine, valley, (between North and South Harbour) JPC (1918), 61
1938 An Cumar, CÓS RBÉ 609:215; RBÉ S 295:43
1940 An Cumar LSC I
1944 'Comar an Bhéarla' PA 122
1944 Cumar : sruth - chlais an chúng, an doimhin (a ravine) TA (1944), 256
1944 'Comar an Bhéarla' PA (1944), 122
1970 An Comar LSC 2
1976 'Sráid an Tí Tábhairne' DSD
34. The Fairy Garden PC
35. Garraí Thaidhg Sauntry PC Garraí le Tadhg Sauntry i.e. 1853 Timothy Sauntry GV
36. Cuas Uí bhFiaigh PC 1928 Cuas Uí Bhiaigh LNDF 1928:88
37. Cuas Uí bhFiaigh PC
38-39. An Charraig Liath PC
40. Goirtín na Scáth PC
41. Cnoc an Bhaithín PC 1938 Cnoc Bhaithín RBÉ S 295: I00
42. Béal Tí Maithín PC
43. An Geata Dubh PC Tá an 'Geata Dubh' ar chliathán an bhóthair agus síneann casán uaidh i dtreo 'An Chumair' agus casán eile i dtreo an Ghleanna. Is fuirist do dhuine cóngar a thógaint ó bhaile fearainn Lios Ó Móine go hInbhear Mór trén a shlí do dhéanamh ón nGeata Dubh go dtí an Geata Bán Cn 15.
44. An Bóthar Láir PC
45. Cé Sheáin Rua PC Ainmnithe ó Sheán Rua Ó Riagáin, i.e.1911 John Regan VB
An Cé PC
1899 Quay OS 2
46. An Stór PC
An Club MJC
1977 Club Chléire MJC
1979 Cistin Chiaráin MJC
c. 1986 An Siopa Beag
47. An Bothán MJC
48. Tobar Sheáin Rua PC Ainmnithe ó Sheán Rua Ó Riagáin, i.e.1911 John Regan VB
Cnocán an Choimhthígh agus An Leaca Mhóir
Bóthar an tSéipéil
Mionnán na Cailí