Suirbhé Logainmneacha Chorcaí
The Cork Place Name Survey

Placenames collected in the Townland of Ardghort, Civil Parish of Clear Island, Co. Cork.

Suíomh / Location
Tá baile fearainn an Ardghoirt suite sa leath thoir de Chléire. Tá 88 acra, 2 cheathrú, 5 phéirse san achar ann. ’S é an taobh ó dheas is airde, 500 troigh in áiteanna. Síneann sé ó fharraige go farraige, ón mBá Thuaidh go dtí An tAigéan Atlantach.

Daonra/ Population
Chónaigh 74 duine ann sa bhliain 1841. Faoi 1851 bhí líon na ndaoine ann titithe go 52, figiúir a sheas i nDaonáireamh 1861. Ghéaraigh ar an titim, le 34 ann sa bhliain 1871, 30 i 1881 agus 32 i 1891. Buanchónaí ar bheirt a bhí in Ardghort sa bhliain 2003.

Tírdhreach / Landscape Description
All land held by tenants, no leases. Rent £36 per year. Farms from 1/28 th. to 1/2 of the townland. Soil light and rocky, produces light crops of wheat and potatoes and with a small share of flax NB (1839/40), [Ordnance Survey Name Book].

Cúig ghabháltas talaimh atá ar an Ardghort agus is ó airde mhórchuid den talamh ann a fuair sé a ainm. Tá páirc amháin ann agus ’s é an tArdghort a thugtar uirthi. Ní fheadar an ón mbaile a ainmníodh an pháirc nó an tslí eile timpeall DSD.


Townland Name variations


For the purposes of the Cork and Kerry Place Name Surveys, variations in townland names were collected from both oral and documented sources for every Cork and Kerry townland. Those for the Townland of Ardghort are presented here.

A full bibliography of oral and documentary sources consulted for the Cork Place Name Surveys is provided in each parish volume in the Cork Place Name Archive at Cork County Library.

1614 Ardgrott CPR. [Calendar of Patent Rolls]
c. 1655-59 Ardgrot and Parke DSM. [Downe Survey Map]
c. 1670 Ardgrot and Parke BSD. [Book of Survey & Distribution]
1832 Ardgurth RW 26. [Robert Wilson Lighthouse Keeper]
1833 Ardgurt TAB. [Tithe Applotment Book]
1839 Ardgurt BSM. [Boundary Survey Map]
1840 Ardgurt NB. [Ordnance Survey Name Book]
1840 Ard-gort NB.
1840 Ardgurth. [Tithe Ledger and NB.]
1840 Ardgort, JOD [NB. Ordnaance Survey Name Book]
1841 Ardgort SO 1, 2. [Ordnance Survey Map 1842 & 1899]
1918 Ard-gort, highfield JPC 60. [James Conlon article, JCHAS]]
1938 An tArd Ghort RBÉ 609:215. [Roinn Béaloideas Éireann]
1940 An t-Ardghort LSC 1, 2. RBÉ 609:282-3.
1973 Ardgort NHC 33. [Natural History of Cape Clear]
1975 An tArdgort = ‘The High Field’ MFC 133 [Man from Cape Clear]
1976 An t- Ardghort DSD. [Donnchadh S. Ó Drisceoil]
1990 An t-Ardghort CFC 80. [Céad Fáilte go Cléire]
2004 An tArdghort www.logainm.ie

NOTE:
Numbers on placenames below refer to Map locations of named places and features in the townland of Ardghort. A listing of the names and addresses of the Collectors and Suppliers of the placenames are given for every townland in the volumes of the Cork the Kerry Place Name Survey Archives at Cork and Kerry County Library. All documentation consulted for placename references to places and features in each townland are also given in the volumes of the Place Name Archives.

No. Name Abb. Description
1. Gort an Ghainimh

Gort an Ghainimh Thoir
MC [Mamie Ní Chéadagáin]

BCC [Cape Clear Primary School Collection]
Dúrthas go séidtear sáile na farraige agus gaineamh na trá isteach anseo. Bhí tábhacht nár bheag le gaineamh trá i gcúrsaí tógála agus feirmeoireachta Chléire. D'úsáidtí gaineamh agus lóch mar leasú talún. Bhí na baill a b'fhearr lóigh mar Phoillín an Lóigh agus na baill ab fhearr gainimh ar nós Chuas na Gainimhe i gCléire agus Cuas an Ghainimhe ar Lao Oireach i mbéal daoine den riachtanas. Ar an aistear farraige ó Dhún na Séad go Cléire feictear Oileán an Ghainimh nó Sandy Island mar is fearr aithne air anois.
2. Gort an Ghainimh Láir MC, BCC [Cape Clear Primary School Collection]
3. Gort an Ghainimh Thiar MC Dúrthas go séidtear sáile na farraige agus gaineamh na trá isteach anseo. Bhí tábhacht nár bheag le gaineamh trá i gcúrsaí tógála agus feirmeoireachta Chléire. D'úsáidtí gaineamh agus lóch mar leasú talún. Bhí na baill a b'fhearr lóigh mar Phoillín an Lóigh agus na baill ab fhearr gainimh ar nós Chuas na Gainimhe i gCléire agus Cuas an Ghainimhe ar Lao Oireach i mbéal daoine den riachtanas. Ar an aistear farraige ó Dhún na Séad go Cléire feictear Oileán an Ghainimh nó Sandy Island mar is fearr aithne air anois.
4. Páirc an Choiréil

An Coiréalr MC Quarry FP
CD

[Field Plan-OS]
Is anseo a gearradh an tslinn do dhíonta tithe tráth. Bhí coiréal eile slinne ag Faill na Binne agus ba ansin a gearradh an tslinn do dhíon an tSéipéil a tógadh i Lios Ó Móine sa bhliain 1839. Tá cuid de shlinn Chléire le feiscint ar roinnt tithe ar an oileán fós. Clúdaíodh falla thiar an tSeanTúir ar Chnoicín an tSeabhaic le roinnt eile den slinn chéanna.
Is cosúil go raibh an coiréal seo in Ardgort in úsáid i bhfad siar mar tá 'Quarry' ar Fair Plan na Suirbhéireachta Ordanáis don bhliain 1840. Luaitear sa Name Book de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis go raibh díon slinne ar an Séipéal i Lios Ó Móine a tógadh 1839. Is dóichí gur ón gcoiréal seo a tháinig slinn an tSéipéil agus slinn díon tí Chonnie Con.
5. Garraí Beag MC, BCC
6. Garraí Chonchúir an Táilliúra MC, BCC Garraí le Conchúr Ó Drisceoil, i.e. 1850 Cornelius Driscoll luaite sa Valuation Book.
Tá an Chlann Drisceoil líonmhar i gCléire agus ar fud Iarthar Chorcaí le fada. Tá stair agus oidhreacht na clainne cíortha ag údar an tsaothair seo in O Driscolls:Past and Present (2005), Éamon Lankford.
Garraí Thaidhg an Táilliúra MC
Garraí le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1916 Timothy Jr. Driscoll luaite sa Valuation Book. Tá beagán de rian chabhlach tí Chonchúir fós ann. Forshloinne a ghaibh le clann de mhuintir Drisceoil ba ea 'Táilliúir'. Bhí fáil ar na 'Táilliúirí' sna bailte fearainn: An tArdghort, Ceathrúna agus Gort na Lobhar. Bhí tigh agus talamh i seilbh Thaidhg Uí Dhrisceoil nó Tadhg an Táilliúra, i.e. Timothy Jn. Driscoll dar leis an Valuation Book do Ghort na Lobhar thart ar 1916.
7. Gort Mór MC Tugtar Garraí na Galltachta ar an ngort seo, leis. Thugtaí Gort Gabhála nó Gort Gallda air chomh maith tráth. Dhá ghort a bhíodh ann, Gort Gall Íochtair agus Gort Gall Uachtair.
8. An Gort Láir MC Cuid de Ghort Gall Íochtair í.
9. Cabhlach Chonchúir an Táilliúir CD Cabhlach le Conchúr Ó Drisceoil. Drisceolaigh ba ea 'Na Táilliúirí'.
Tigh tréigthe a bheadh ag titim anuas ar a chéile is ciall le 'cabhlach' i gcaint Chléire. Deir DSD nár chuala sé riamh 'fotharach' nó 'fothrach' á thabhairt ar sheantigh a bheadh titithe ar a chéile. Cf. Garraí Chonchúir an Táilliúra A 6
10.a Gort an Bhuime CD [Conchúr Ó Donnchú]. BCC Tharlódh go raibh cónaí anso ar bhean freastail nó banaltra. DSD
Cf. 'Buimech (buime), (nurse)' DIL., Béarla 237; 'Buime, foster mother, nurse ' FGB [Foclóir Gaeilge Béarla].
Gort an tSéipéil CD
Deirtear go raibh séipéal anseo uair éigin agus go mbíodh clog séipéil le cloisint dá bhualadh ann maidneacha Domhnaigh. Tugtar Gort an Bhuime air chomh maith CD.
10.b Gort an Bhuime CD [Conchúr Ó Donnchú]. BCC Tharlódh go raibh cónaí anso ar bhean freastail nó banaltra. DSD
Cf. 'Buimech (buime), (nurse)' DIL., Béarla 237; 'Buime, foster mother, nurse ' FGB [Foclóir Gaeilge Béarla].
10.c Gort an tSéipéil
CD Deirtear go raibh séipéal anseo uair éigin agus go mbíodh clog séipéil le cloisint dá bhualadh ann maidneacha Domhnaigh. Tugtar Gort an Bhuime air chomh maith CD.
11. Cabhlach Mháire Chiaráin CD
Cabhlach le Máire Ní Drisceoil, i.e. 1864 Mary Driscoll sa Valuation Book. B'fhéidir gur ó Mháire Ní Drisceoil, i.e. 1907 Mary Driscoll luaite sa Valuation Book do ainmníodh. Máire, iníon le Ciaráin Ó Drisceoil atá ainmnithe.
12. Gort an Tí CD
13. Páirc an tSéipéil

Garraí an tSéipéil
CD, BCC

CD
Deirtear go raibh séipéal ar an láthair seo tráth.
14. Carraig Ghort an Bhuime

Carraig an tSéipéil
CD

CD, BC [Bill Curtin]
15. Ardán Uachtair

An tUachtar
CD

CD
Airde réidh sa talamh le slios amháin géar.
16. An Dromán CD, BCC
Ardaíonn an talamh anseo.
17. An Dromán CD
18. Tobar an Dromáin CD Deineadh taisceadán uisce reatha poiblí a thógaint timpeall ar an tobar c.1966.
19. An Port CD Sníonn sruthán ón bPort go Tobar an Dromáin.
20. Ardán Íochtair CD
21. Gort an Chúinne PTD [Pádraig “Timsey’ Ó Drisceoil]
22. An tÍochtar PTD
23. An tÍochtar PTD
24. Gort an Scamaill PTD
25. An Gort Láir

An Pháirc Láir
PTD

PTD
26. Garraí Cháit Ní Dhálaigh PTD Garraí le Cáit Ní Dhálaigh, i.e. 1846 Kate Daly luaite i Clár Baistí Chléire. Bhí tigh sa gharraí sin tráth ach níl rian de le feiscint inniu. Tá tobar ann i gcónaí agus ní théann sé riamh i ndísc.
27. Garraí na Carraige PTD
28. Garraí an Aitinn PTD Tá an tAiteann Gaelach go flúirseach le fáil i gCléire. Dheintí go leor úsáid a bhaint as aiteann ins an oileán tráth. Dob é an tAiteann Gaelach a dheintí a úsáid mar ábhar tine chun cócráltha agus beiriúcháin. Bhaintí úsáid, leis, as mar bhia do chapaill.
29. Cnocán PTD
30. An Charraig

Carraig Mhaidhc
PTD

DSD [Donncha Shéamais Ó Drisceoil]
Tá an charraig ainmnithe ó Mhaidhc Ó Drisceoil nó Maidhc Chonchúir Mhiocain Ó Drisceoil. Tá sí ar an mbóthar lasmuigh de gheata Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh.
31. Garraí Thaidhg Bháin DSD DSD Garraí le Tadhg Ó Drisceoil, i.e. 1849 Tim Driscoll FB.
Garraí Dhonncha Bháin DSD
Garraí le Donncha Ó Drisceoil, i.e. I850 Denis Driscoll & Tim FB. [Field Book]
Tharlódh gur de shliocht Dhiarmada Bháin Ó Drisceoil, Tadhg Bán.
Páirc an Tobair ND [Nóra Ní Dhálaigh]
32. An Currach DD [Dónal Ó Drisceoil]
33. An Currach DD [Dónal Ó Drisceoil]
34. Goirtín na dTriún

Goirtín an dTriúin Íochtair

Garraí na dTonn
ND, Goirtín an dTriúin ND

ND

BCC
Tugadh Garraí na dTonn leis air (BCC 1965). Is dócha gur Goirtín na dTriún ('of the strong') atá san ainm ó cheart. Tá Garraí na dTonn agus Goirtín an dTriúin ar ghabháltas Dhonncha Uí Dhálaigh. Luann bailitheoirí éagsúla an dá ainm seo in BCC ach ní fios cá bhfuil suíomh Gharraí na dTonn, munar ionann é agus Garraí an dTriúin [Ciallaíonn 'Triuin', bocht; tagairt do chaighdeán na talún anseo, is cosúil. Cf. 'Triuin, indigent' FGD – [Foclóir Gaeilge Béarla]], nó Garraí na dTomhan a bhrí bfhéidir.
35. Garraí an dTriún Uachtair ND
36. Port ND
37. Cnocán ND
38. Garraí Caol ND
39. Gort na hAbhann ND
40. Gort an Ghrafaidh ND Gort a dheintí a shaothrú le grafán.
'Sé atá i ngrafadh ná áit a rómhartar chun saothraithe. Dianobair allasmhar ba ea grafáil leis an ngrafán, uirlis a bhfuil déanamh an táil air, ach é go mór níos mó agus níos gairbhe' [Béaloideas 13 (1943), 24].
Thugtaí "graffing" nó "grubbing" sa Bhéarla ar oibriú na talún le grafán. "I'd rather be graffing," a déarfadh duine in Iarthar Chorcaí a gheobhadh míbhlas ar chúram éigin.
41. Cnocán EÓD [Eoin Ó Dálaigh]
42. Garraí Beag MC, EÓD
43. Páirc an Tobair

An Pháirc Mhóir
DSD

PSD
44. Gort an Tí PSD
45. Páirc an tSeomra PSD
46. Tobar Mháire Mháirín

Tobar Nóra Ní Shíocháin
PSD

PSD [Pádraig Shéamais Ó Drisceoil]
Ainmnithe Ó Nóra Ní Shíocháin, i.e. 1863 Norry Sheehan CRB. [Cape Clear Register of Baptisms]
47. An Leacain

Leaca Nóra Ní Shíocháin
PSD

DSD
Tugtar an t-ainm céanna ar an bpíosa den bhóthar taobh amuigh de Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh A 114.
48. Cabhlach Nóra Ní Shíocháin DSD Tá píosa den chabhlach le feiscint ann (2006) in aice an gheata chuig tigh Pat. Con Ó Drisceoil.
49. An Pháirc Mhóir PSD
50. Garraí na gCabhlaí

Na Cabhlaí
EÓD

CD, BCC
Cf. Cabhlach C 89.
51. Tigh Sheosaimh Uí Dhálaigh EÓD Ainmnithe ó Sheosamh Ó Dálaigh, i.e. 1876 Joseph Daly VB. [Valuation Book]
My great, great grandfather came in from Cononagh near Leap (Skibbereen, Co.Cork), and he worked as a stone mason building houses on the island. He was either Micheál or Donncha Ó Dálaigh. He married in Cléire and had a son Pádraig and another Seosamh, who was Nelly Daly's grandfather [Cf. (i) Tigh Sheosaimh Uí Dhálaigh GL 39; (ii) Tigh Neill GL 38]. My great, great grandfather had a brother Eoin, who also came and settled in Cléire EÓD.
Is ó Eoin Ó Dálaigh a ainmníodh Futhar Eoin [GL 48] agus Garraí Eoin Mhóir [GL 49].
52. Garraí Sheáin Mhic Giolla EÓD, BCC Garraí le Seán Ó Drisceoil, i.e. 1850 John Driscoll HB.
Tá sé laisteas de Thigh Dhonncha Uí Dhálaigh. Tá seanchabhlach le 'Seán Mac Giolla' ann i gcónaí. Drisceolaigh ba ea ‘na giollaí’. MÓD [Micheál Ó Dálaigh]
53. Garraí Liodáin

Gort an Liodáin
ND

CFC 89 [Céad Fáilte go Cléire]
Lus thart ar cúig throigh ar airde 'sea An Liodán Ucaire (Dipsacus sylvestris). Tá sé chomh deilgneach le gráinneog. Éin a scaipeann síol crua an Liodán Ucaire murab ionann agus síol lusanna eile ar nós an Liodán Liosta (Arcticum lappa), an Garbhlus (Galium aparine) a bheirtear timpeall agus é in achrann éadaí daoine nó i bhfionnadh ainmhithe. Is i ndeireadh an tSamhraidh a bhláthaíonn sé. Bhaineadh an tUcaire úsáid as a mhionbhláthanna liathchorcra i maisiú éadaigh [Bláthanna an Bhóithrín (Eagn. Nua 1965), 64-66].
54. Garraí Beag ND, BCC
55. An tArdghort ND Tá talamh ard ann. Is mór idir airde agus dreach na háite seo agus an chuid íochtarach den bhaile fearainn.
56. Garraí Goirtín an Tae ND, BCC Bhí an t-ainm Garraí Goirtín an Tae ag MÓD agus DSD chomh maith, ach ní raibh aon mhíniú acu air.
57. Leaca an Ardghoirt ND
58. Garraí Beag ND, BCC
59. Garraí Mhuiris EÓD, BCC East of the old ruin was the thatched house, the original Daly home. There is a little road in between the two. The old ruin is at the end of Garraí Mhuiris. Tá cloch mhór ann EÓD.
60. Cnocán MÓD BCC
61. An Pháirc Nua MÓD BCC
62. An Futhar MÓD [Micheál Ó Dálaigh] Futhar, a wilderness EÓD.
63. Tobar an Fhothair DSD
64. Cabhlach Bheist Ní Chiaramháin EÓD, DSD, BCC Cabhlach Bheist Ní Chiaramháin is down in the middle of the "Fothar", over the top and down the other side EÓD.
65. Garraí Bheist DSD, BCC Garraí le Beití nó Beist Ní Chiaramháin.
Garraí Bheist is over the top of the hill EÓD. Níl aon tuairisc ar an ainm Ciaramháin nó ar aon ainm a bheadh dealraitheach leis i mBéarla, le fáil i CRB, FB, GV [Griffith Valuationn ] nó VB [Valuation Book] Kirwin atá san ainm is dócha.
Clann eile a bhí i gCléire ab ea 'na Beastanna' nó 'an Chlann Bheast'. Ba Riagánaigh iad agus bhí dhá fhorshloinne acu, dá n-abrainn é. Bhí 'Bheast' agus 'Struma'. Anois tharlódh gur dhá chlann de na Riagánaigh a mheasc ar chuma éigin agus gur choinnigh cuid acu forshloinne amháin agus cuid eile díobh an forshloinne eile. Go deimhin gheofá an dá fhorshloinne in aon teaghlach amháin agus bhí sé sin deacair le tuiscint [DSD. IT. 12/3/1980], ADSD 143 [Aistí Ó Chléire].
66. Poll Chuaisín Éireamhóin ED Poll an Chuaisín DSD Ainm Drisceolach 'sea Éireamhóin. Ar an Downe Survey Map (DSM) 1655-59 luaitear Hugh McErrevan Driscoll, Erevan Oge Driscoll, Gortagolane; Hugh McErwan Driscoll, Ardghort & Parke Cnogher McErwan, Killmorowne agus Cnogher Oge McErwan Driscoll, Reheloge sa Down Survey Terrier (i.e. DST). Tá Éireamhóin luaite i nGeinealach na nDrisceolach atá le fáil i 'Geinealach Chorca Laoighdhe' c. 1390.
67. Pointe na Rinne Ramhaire Móire DSD, RBÉ 742:329 Ciallaíonn ‘Rinn’, gob nó pointe tailimh agus is téarma coitianta i logainmníocht Chléire agus oileáin eile Chairbre é. ‘Rinn’, Point or promontory, IPN 136-37. Faightear an téarma ‘Ramhar’ coitianta i logainmníocht na hÉireann agus é ag cialliú rud ‘mór ciorcalach’ nó rud ‘toirtiúil’ de ghnáth.
68. An Rinn Ramhar Mhór

An Rinn Ramhar

[Donncha Shéamais Ó Drisceoil]
DSD

RBÉ S 295:87, LSC 1, LDF
69. Cuas na Rinne Ramhaire DSD, CC
70. An Raithearsach DSD, LSC 1, 2, LDF, MFC 139 [Man From Cape Clear] Rinn talún nó carraige míréidh. Theip ar PC, DÓD agus MÓD aon mhíniú a thabhairt ar an ainm seo.
71. Bas na Raithearsaí DSD, BCC, SC 93, [Seanchas Chléire], MFC 135 Pointe nó rinn talún ar an dtaobh theas den mbaile fearainn mar a bhfuil na carraigeacha fada míréidh. Bhí pointe ag gobadh amach ann ina raibh clocha screagacha thart air. Is ionann "Bas" agus aon rud atá réidh cosúil le bos na láimhe [DSD].
72. Barra Bhais na Raithearsaí DSD Tá barra Bhais na Raithearsaí go maith chun Ballach a mharú le tosach na tuille go brách chun go gclúdaítear an Bhais. Caitheann tú aistriú ansan mar bíonn an taoide ró ard.... [COS RBÉ 558: 557, Ciarán Ó Síocháin] .
73. Garraí [is] Sia Síos DÓD
74. Garraí Láir DÓD
75. Garraí Bocht DÓD
76. Na Fothaireacha

‘The Wilderness’
DÓD

EÓD
77. An Mhalainn DÓD Mala nó barr an chnoic. ‘Mala cnoic, the brow of a hill’, Dwelly.
78. Garraí na Malann

Garraí an Mhalainn
MÓD, BCC

EÓD
79. Béilic na Malann

Micheál Ó Dálaigh
MÓD Tá an Póna suite ag barr an chnoic nach mór EÓD.
80. Garraí Beag an Fhothair MÓD Bhí garraithe saothraithe thíos ag na carraigeacha mara a ndearnathas roimh 'Bhliain an Mheathlaithe'. Bhí Garraí Beag an Fhothair agus Garraí Dhonncha Uí Chrónacháin ar chuid acu. Tá garraithe eile a bhfuil a n-ainmneacha caillte anois le haithint fós ar thaobh theas Ardghort (A) agus Gort na Lobhar (GNL).
81. Páirc Nua MÓD, BCC
82. An Bán Mór MÓD, BCC Two fields that were water-logged, one is called 'An Pháirc Nua' [A 81] and another to the west of it is called 'An Bán Mór', and another still to the west at the tip of the boundary is called 'Garraí na Malann' [A 78] EÓD.
83. An Pháirc Nua MÓD
84. Garraí Thaidhg Spáinneach MÓD, BCC Garraí Thaidhg Spáinnigh. Is dóichí go mba ghaol é Tadhg leis an 'Spáinneach Mór’, Séamas Ó Cochláin, báille de chuid na mBitséarach, tiarna talún an oileáin.
Garraí Thaidhg Spáinneach DÓD, BCC Gaol leis an 'Spáinneach Mór’, Séamas Ó Cochláin báille de chuid na mBitséarach, tiarnaí talaimh an oileáin ba ea Tadhg Spáinneach. Cf. Garraí Mháire Spáinní BID 76.
85. Cnocán DÓD
86. Páirc an Ghrafaidh DÓD, BCC Once it was cultivated, but it's all overgrown now EÓD.
87. An Buailíneach

Na Buailíní MÓD Na Buailthínigh,
DÓD, BCC

CÓS RBÉ 609:258
Choimeádtaí na ba ann roimh a gcrú.
Ní raibh gnó na buailte riamh á chleachtadh ins an oileán nó má bhí níl aon chuntas le fáil air anois. Ach aon rud amháin go bhfuil garraithe beaga talaimh ar chliathán an chnoic is airde ann gurb ainm na Buailthínigh dóíbh. Ní fheadar conas a fuaireadar an ainm, agus níor chualadh aon tseanchas mar gheall orthu [COS, RBÉ 609:258].
88. An Lochtín DÓD, BCC A little strip with a hill behind it, and the ground receeding in front EÓD.
89. An tArdghort EÓD, BCC, RBÉ 609:215, CFC 80
90. Páirc na Cloiche EÓD, BCC An chloch mhór a bhí ina lár tráth, tá sí anois le feiscint sa chlaí.
91. Garraí Fhinín na Páirce DÓD, BCC Garraí le Finín Ó Drisceoil, i.e. 1841 Florence Parky HB [House Book]; 1849 Florence Parkey FB [Field Book].
Duine de Dhrisceolaigh na Páirce ba ea Finín na háitainme seo. Cf. Garraí Dhiarmaid na Páirce C 120.
92. Garraí an Bhóthair DÓD, BCC
93. Carraig Sheáin Spáinneach DÓD Cf. Garraí Thaidhg Spáinneach A 84; Garraí na Spáinneach C 156.
94. Leacain DÓD
95. Leaca Shéamais Thaidhg DÓD It's between Dunleavy's and the road. There was a little hut there long ago EÓD.
96. Garraí Eibhlín DÓD, BCC Garraí le hEibhlín Ní Mhuinneacháin, i.e. 1841 Ellen Minihane CRB. [Cape Clear Baptism Register]
97. Páirc an Phoitín MÓD, DSD Is ar an Ardghort a ndearnathas an t-aon phoitín riamh i gCléire timpeall 1920-22. Ní fear ó Chléire a bhí dá ndéanamh DSD.
98. Tobar na Cionáite PTD
99. Gort an tSeantí PTD
100. An Pháirc Láir PTD
101. An Réidhleán Theas DSD An Réidhleán DSD Páirc fhéarmhar ghlas leibhéalta í.
102. An Réidhleán Thuaidh DSD Gabhann an bóthar go Comalán idir An Réidhleán Theas agus An Réidhleán Thuaidh.
Gabhann an bóthar go Comalán idir An Réidhleán Theas agus An Réidhleán Thuaidh. Ar an DSM luaitear Cnogher Oge McErwan Driscoll, 'Irish Papist' mar úinéir talaimh i 'Reheloge'. Bíodh go bhfuil 'Reheloge' an DSM suite i mbaile fearainn Bhaile Iarthaigh Theas an lae inniu is dóichí gur 'An Réidhleán' i mbaile fearainn Ardghoirt atá i gceist. Cf. (i) DSM agus DST; (ii) Reidhleán -'a plain, a level field, a green for play' O'R. [O’Reilly Dictionary]
103. Páirc an Tí PTD
104.a Tigh Dan Thaidhg DSD Tigh le Dónall Ó Síocháin, i.e. 1890 Daniel Sheehan VB. Tadhg a bhí ar athair Dhónaill, i.e. 1876 Timothy Sheehan VB.
Dónall Ó Síocháin, 1890 Daniel Sheehan VB [Valuation Book]. Mac le Tadhg Ó Síocháin i.e. 1876 Timothy Sheehan VB, ba ea Dónall. Bhí Dónall nó Dan Thaidhg mar a b'fhearr aithne air, pósta le Máire Ní Riagáin. Thréig a mórsheisear clainne an t-oileán. Ba iad Dónall Thaidhg Ó Shíocháin agus Pádraig Ó Riagáin, Crathach, deartháir a chéile a d'aimsigh Cloch Chléire c.I874, atá anois ar bhuantaispeáint i Musaem Phoiblí Chorcaí. Bhí an tigh agus an talamh ag Pádraig Shéamais Ó Drisceoil, deartháir Dhonncha Shéamais i.e. DSD i 1976.
104.b Tigh Phádraig Shéamais MÓD Tigh le Pádraig Shéamais Ó Drisceoil.
105. Dromán

Conhúr Ó Donnchú
CD
106. Tobar an Dromáin CD
107. Port CD, BCC
108. Bóithrín Fhaille Chua MÓD, ND Bóithrín faille. Bóthar nuadhéanta é mar ná raibh ann ach grinneal srutháin go dtí timpeall 1940. Cf. Róidín Faille Chua Ca 64. Tá rian na gcosán nó bóithre coise a bhíodh ag gabháil gach treo trasna na talún le feiscint go soiléir i dtírdhreach an oileáin. Tá cuid acu léirithe ar léarscáil 'Oileán Cléire' (1981), Cumann Iarsmalann Chléire.
109. Mainistir an Ardghoirt DSD, RBÉ 609:282-3, "Láthair an tseanshéipéil" CFC 89 Is minic a chuala seandaoine dhá rá go raibh mainistir ar an Ardghort. Baile fearainn is ea Ardgort atá ins an pháirt is airde den oileán. Tá gort ar an mbaile sin go nglaotar "Gort an Liodáin" air. Is istigh sa ghort seo a bhí an mhainistir déanta. Do bhí na fallaí, nó cuid éigin dá rian suas go dtí tamall ó shin. Mar, an fear go raibh sí ar a chuid talaimh, nuair a bhí sé ag réiteach na háite amach seal blianta ó shin, do fuair sé rud mar a bheadh coinnleoir nó sórd pláta beag, agus stuif éigin istigh ann. Agus de réir a thuairim, dúirt sé gur luaithreadán é. Do fuair sé spúnóg chomh maith. Piútar ab ea an mianach a bhí ag déanamh na spúnóige agus an choinnleora......
Níl togha ná tuairisc, ná aon chuntas le fáil mar gheall ar Mhainistir an Ardghoirt. Níl ach go raibh sé ann, is gur imigh sé. Fiú amháin níl fhios ag éinne cérbh iad a bhí chun cónaithe ann, sagairt nó bráithre, nó eile. Níl fhios ag éinne. Do fuair an cuntas bás [COS RBÉ 609:282-283. Bailitheoir: Ciarán Ó Síocháin, Crathach, Oileán Cléire, (13/1/1939). Cf. CFC 88-89].
109.a 'Láthair an tseanshéipéil' DSD Láthair an tseanshéipéil: in íochtar an bhaile chéanna agus ar theorann bhaile fearainn Gort na Lobhar, tá áit ann go dtugtar "láthair an tseanshéipéil" air. Is minic a chuala daoine dhá rá go raibh séipéal ann uair éigin fada ó shin. Níl fhios ag éinne cathain a bhí an séipéal suas, níos mó ná go gcualadar go raibh séipéal ins an áit sin áirithe [COS RBÉ 609:282-283, (13/1/1939). Cf. CFC 88-89].
110.a Tigh Phaidín DSD Tigh le Paidín Ó Drisceoil, i.e. 1968 Pádraig Ó Drisceoil VB.
Bhí cáil ar Phaidín Mhiocan Mór mar sheanchaí fiú isteach sna seachtóidí déanacha. Phós Miocan Mór Ó Drisceoil Máire Ní Dhálaigh. Mac leo ba ea Pádraig nó Paidín a chaith a shaol leis an iascaireacht. Iníon le Paidín Mhiocain Ó Drisceoil a bhí pósta le Conchúr (Connie) Ó Donnchú.
Ba iad Muintir Dhonnchú an Mhuintir Liath [Cf. Cabhlach Mháire Léith C 180; LM 224]. Is in Ardghort agus i mBaile Iarthach Thuaidh atá fáil ar an muintir Dhonnchú ach is den chlann chéanna iad. Ba i Lios Ó Móine a bhídís den chuid is mó tráth [Cf. 'Muintir na Páirce Abhus', DSD. IT. 12/3/ 1980].
Tigh Connie DSD Tigh Connie DSD Tigh le Conchúr Ó Donnchú, iascaire, feirmeoir agus scéalaí maith, a d’éag c.1998.
110.b Tigh Ghearóidín

Michael John Ó Céaadagáin
MJC Bungaló nua le Gearóidín Uí Dhonnchú (Ní Drisceoil), a chónaigh ann go dtí c.2000.
112. Tigh Dhonncha Uí Dhálaigh DSD Tigh le Donncha Ó Dálaigh a bhí pósta le Ellen Timsey, i.e. Ellen Ní Drisceoil, Gort na Lobhar. Tá an tigh i seilbh Mháirín, iníon le Danny Mike Ó Drisceoil, Lios Ó Móine, ó 1991.
113. Tigh Nóra Uí Dhuinnshléibhe DSD Eoin Ó Dálaigh, athair Mhichíl, Eoin agus Donncha a thóg an tigh seo. Sinsheanathair Mhichíl Uí Dhálaigh ba ea Pádraig Ó Dálaigh a bhí pósta le Máire Ní Argáin. Roinn sé an fheirm in Ardghort ar a bheirt mhac, Mícheál agus Dónall. Ó Dhónall atá Garraí Dhónaill Uí Dhálaigh [GL 44] ainmnithe.
A spirit licence was originally held for the house where Mrs. Dunleavy is now (c.1980). There is an old wall there, where once stood the 'síbín' owned by Dan Daly EÓD.
114. Tigh Dhonncha Uí Dhálaigh DSD Is gnáth Tigh Denis Daly a thabhairt air. Mac le Mícheál Ó Dálaigh agus Síle Ní Drisceoil (i.e. Síle Chon Mhiocan Bhig) é Denis.
115. An Bothán Dubh DSD Bothán adhmaid de chuid roinn Poist agus Teileagrafa a bhí ann ó 1941-1984. [Cf. 'Muileann Teleafóin', DSD, IT. 29 /4 / 1981]. Ní ann dó ó 1998.
116. An Malartán Teileafóin MJC Bunaíodh 'Córas Radio Teileafóin' i gCléire i 1941, a bhí ag brath ar chumacht aibhléise, geinte ag muileann beag gaoithe. Glaoch gutháin amháin in aghaidh na huaire a ceadaíodh ar an gcóras. Is mó an úsáid a bhaintí as an sreangscéal an tráth san. Feabhsaíodh an córas i 1955 nuair a ceadaíodh ceithre ghuthán ar dhá líne oscailte go dtí an mhórthír. Ó 1970 tháinig méadú mór ar líon na gcustaiméirí agus d'éirigh oibriú an chórais an-achrannach. Beartaíodh Malartán nua a thógaint in Ardghort.
Malartán Teileafóin den tsaghas is nua-aimsirí san Eoraip atá anois i gCléire. Feidhmíonn an córas le cabhair ghléas Glacadóireachta Micreatonn chun teachtaireachtaí a sheoladh agus a ghlacadh ón mórthír. Córas lánuathoibríoch é atá i bhfeidhm ó 1984, a dhéanann códú ar theachtaireachtaí roimh a gcraoladh. Tá cuid den trealamh a bhain leis an seanchóras teileafóin anois ar taispeáint i Láthair Oidhreachta Chléire.
117. An Dreapa DÓD
118. Tigh Dhonncha Con DSD Tigh le Donncha Ó Drisceoil, mac Chonchúir, i.e. 1908 Cornelius Driscoll VB. Iascaire ba ea Donncha, c. 1980. Tá Pat Con Ó Drisceoil sa tigh seo ó 1996 nó mar sin.
119. Cnocán an Asail DÓD Ní fios i gceart cá bhfuil a shuíomh ar an ngabháltas.
120. Carraig Fhada DSD Carrigadda SO 2. Carrigodda (Long Rock), Carrigadda NBR Applies to a detached rock visible at high water, situated about 4 chains north of the Townland of Ardgort and 12 chains South of Ogloghlar. On the 6" map it was wrongly called Carrignashoge NBR. [OS Name Book Revised]

In Cape Clear Island in the East end of Ph. Bounded on the North and South by the Atlantic Ocean, on the East by the Tld. of Carhoona and on the West by the Tld. of Gurtnalour. In the Barony of the East Division of West Carbery and Co. Cork. NB Proprietor Sir William Wrixon Beecher Ballygibbin, Mallow. Agent, Rev. N. Beecher, Ballygibbin, All land held by tenants, no leases. Rent £36 per year. Farms from 1/28 th. to 1/2 of the townland. Soil light and rocky, produces light crops of wheat and potatoes and with a small share of flax NB

1.Cléire ón spéir  Aerial view od Cape Clear island
2. Tigh Dan Thaidhg (Ó Síocháin)
1.Cléire ón spéir  Aerial view od Cape Clear island
2. Tigh Dan Thaidhg (Ó Síocháin)